Cliceáil ar na pictiúirí chun níos mó eolais a fháil faoi bhaill Líadan:
 |
Valerie Casey |
|
|
 |
Deirdre Chawke |
|
Fidléir agus amhránaí as Cathair Laighin i gCo. Luimnigh í Valerie Casey. Fuair sí a cuid scolaíochta in áit ina raibh an ceol traidisiúnta an-láidir, agus ba é Pat O’Dea a mhúin an fheadóg di ar dtús sular thosaigh sí ar an bhfidil le Sheila Cagney, ceoltóir áitiúil. Bhí baint an-mhór ag Valerie le Comhaltas Ceoltóirí Éireann agus í ina déagóir agus bhí sí mar bhall de ghrúpaí ceoil agus bannaí céilí a bhain amach gradaim ag craobh na hÉireann. Thosaigh sí féin ag múineadh grúpaí agus bannaí ceoil ina dhiaidh sin. Rinne Valerie céim sa cheol in Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad agus lean sí ar aghaidh ansin le MA sa cheol traidisiúnta in Ollscoil Luimnigh i 2003. Tá sí ina cónaí i Luimneach faoi láthair ag múineadh ceoil agus ag baint suilt as an saol mar cheoltóir gairmiúil gan pingin rua! |
|
Is as Ban Óg i gCo. Luimnigh í an seinnteoir cáirdín piano, Deirdre Chawke. Thosaigh sí ag casadh ceoil agus í an-óg leis an múinteoir áitiúil, Sheila Cagney. Bhí sí páirteach sna fleadhanna ceoil agus bhain sí amach gradaim éagsúla ag chuile leibhéal. Tá an-tóir ar Dheirdre mar cheoltóir agus chas sí le grúpaí éagsúla san Eoraip, sa Bhreatain agus i Meiriceá. Chríochnaigh sí céim sa bhunoideachas i gColáiste Muire Gan Smál i 2003 agus lean sí ar aghaidh ansin le MA sa cheol traidisiúnta in Ollscoil Luimnigh. Tá an-tiochar ag Karen Tweed, Jimmy Keane, Ian Lowthian agus Mirella Murray ar stíl Dheirdre. Le blianta beaga anuas tá an-spéis aici a bheith ag forbairt an tionlacain ar an gcáirdín piano, ag díriú ar thionlacan rithimeach agus armónach go mór mór. |
|
|
|
 |
Elaine Cormican |
|
|
 |
Síle Denvir |
|
Amhránaí den scoth í Elaine Cormican as Ceapach an tSeagail in oirthear na Gaillimhe, chomh maith le bheith cumasach ar an bhfeadóg. Tar éis di MA sa cheol traidisiúnta a bhaint amach in Ollscoil Luimnigh i 2005 lean sí ar aghaidh ansin ag teagasc agus ag léachtóireacht san Ollscoil. Chaith Elaine seal mar phríomhamhránaí leis an ngrúpa North Cregg. Roghnaíodh í freisin chun páirt a ghlacadh san Asia-Europe Foundation I’mPULSE GOL i Mí na Samhna 2005. Nuair a bhí sí óg ghlac sí páirt sna fleadhanna ceoil agus bhain sí amach gradaim ar an bhfeadóg stáin agus ag gabháil fhoinn. Bhí sí ag obair freisin ar feadh tamaill mar Chláraitheoir Ceoil i The Ark, A Cultural Centre for Children. |
|
Rugadh agus tógadh Síle Denvir i nGaeltacht Chonamara. Cainteoir dúchais Gaeilge í agus bhí an-spéis i gcónaí aici san amhránaíocht sean-nóis dá réir. D’fhoghlaim sí a cuid amhránaíochta ó dhaoine áitiúla ar nós Mháire Uí Dhroighneán agus Patsy Ó Ceannabháin. Tar éis di blaiseadh den cheol traidisiúnta a fháil ón gceoltóir clúiteach Mary Bergin, thosaigh sí ag foghlaim na cláirsí ó Kathleen Loughnane a sheinneann leis an ngrúpa Dordán. D’oibrigh Síle le an-chuid cláirseoirí eile chomh maith agus í ag déanamh céim BA sa Gheilge agus sa cheol in Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad i 2002, agus i 2005 bhain sí amach MA sa cheol traidisiúnta in Ollscoil Luimnigh. Le gairid roghnaíodh Síle mar ionadaí Éireannach ag an First Asia-Europe Music Camp 2005 sna Filipíní. Nuair nach mbíonn sí ag ceol, caitheann Síle a cuid ama mar mhac léann proifisiúnta! Faoi láthair tá sí ag déanamh dochtúireachta in Ollscoil Luimnigh ag díriú ar an athmhúnlú, an athmhíniú agus an taibhléiriú a déantar ar amhráin dhúchasacha Gaeilge in Éirinn agus in Albain i gcomhthéacs nua-aimseartha. |
|
|
|
 |
Claire Dolan |
|
|
 |
Sarah-Jane Woods |
|
Is as an nGort Mór, ceantar atá in aice le Cnoc Breac in oirthear na Gaillimhe í Claire Dolan. D’éirigh sí aníos i gclann an-cheolmhar agus i gceantar saibhir ceoil agus thosaigh sí ar an bhfidil agus í an-óg. Ba é a hathair Seán, boscadóir agus amhránaí cumasach, a mhúin a céad chúpla port di agus níor stop Claire ag casadh ceoil ó shin. I 2003 d’aistrigh sí go Luimneach chun staidéar a dhéanamh in Ionad Cheol Cruinne na hÉireann in Ollscoil Luimnigh agus bhain sí amach MA sa cheol tradisiúnta. Tá an-tóir ar Claire mar fhidléara agus tá an domhan mór siúlta aici le Lord of the Dance. Casann sí freisin sa mbaile agus i gcéin le Ragús agus Celtic Legends. Tá an-tionchar ag stíl Liam Lewis, Conor Tully agus John Carty ar cheol Claire. |
|
Rugadh agus tógadh Sarah-Jane i mBaile Átha Cliath agus thosaigh sí ag foghlaim na feadóige móir leis an bhfliútadóir cáiliúil Michael Tubridy a sheinn leis na Chieftains. Rinne sí camchuairteanna le Comhaltas Ceoltóirí i Meiriceá agus sa Bhreatain. Tá an-chuid gradam uile-Éireann bainte amach ag Sarah-Jane, gradam sinsir na feadóige móire (2000) agus duaiseanna Oireachtais san áireamh. Tá an-mheas aici ar an gceol atá taifeadta ag Josie Mc Dermott, John Mc Kenna, Willie Clancy agus Peadar Ó Lochlainn agus tá an méid seo soiléir i stíl agus ceol Sarah-Jane. Bíonn sí le cloisteáil go minic ag fleadhanna agus féilte ceoil traidisiúnta timpeall na tíre agus déanann sí an-chuid múinteoireachta ag na féilte agus na fleadhanna céanna. Tá an-tóir uirthi mar mhúinteoir agus mar cheoltóir agus chas sí agus theagasc sí go rialta ag Scoil Éigse, Scoil Samhraidh Willie Clancy agus Scoil Samhraidh Joe Mooney i nDroim Seanbhó. I 2003, bhain sí amach MA sa cheol traidisiúnta ó Ollscoil Luimnigh. |
 |
 |
 |
|