
|
Ó thosaigh Líadan amach i Mí Feabhra 2004 tá an seisear ban seo ag mealladh lucht féachana in Éirinn, san Eoraip agus i Meiriceá lena gcuid ceoil. Tá dearcadh úr, nuálach ag Líadan ar an gceol agus ar an amhránaíocht thraidisiúnta, a nascann bunús fíorthraidisiúnta le fuaim chomhaimseartha. Ní hamháin go bhfuil cumas faoi leith ag baill Líadan ó thaobh cheol uirlise de, ach tá bua na hamhránaíochta ag an seisear acu chomh maith.
Is iomaí duais atá bainte amach ag Líadan – fuair siad an gradam ‘An Grúpa is Fearr’ ag Féile Idir-Cheilteach Lorient, 2005, agus bronnadh duais ‘An Grúpa Amhránaíochta is Fearr’ orthu ag an bhFéile Idirnáisiúnta Pan-Cheilteach, 2005. |
Tá dlúthdhiosca nua Líadan díreach críochnaithe agus tá ardmholadh faighte ag an dlúthdhiosca ó cheoltóirí éagsúla, Mícheál Ó Súilleabháin, Bill Whelan agus Paul Brock san áireamh.
‘Tá ceol Líadan thar a bheith ealaíonta. Ar láimh amháin, mar a bheifí ag súil leis, tá siad spontáineach agus casann siad óna gcroí amach mar a bheidís ar iomramh diamhair ceoil. Ar an láimh eile, tá siad thar a bheith fréamhaithe sa traidisiún ar bhealach tuisceanach, íogair. Tá spiorad seo a gcuid ceoil le cloisteáil go soiléir ina nglór sainiúil féin ar an dlúthdhiosca seo.’
Mícheál Ó Súilleabháin.
Seolfar an dlúthdhiosca i The Village i mBaile Átha Cliath ar an 23ú Meán Fómhair agus in ionaid eile timpeall na tíre ina dhiaidh sin.
Sa ghrúpa tá:
- Síle Denvir, cláirseach
- Deirdre Chawke, cáirdín piano
- Valerie Casey, fidil
- Claire Dolan, fidil
- Sarah-Jane Woods, feadóg mhór
- Elaine Cormican, feadóg
|