
Cliceáil ar na mionsamhla thíos chun leagan ardtaifigh den phictiúr/lógó/póstaeir sin a fháil. Tá cuid de na pictiúirí ardtaifigh an-mhór (1.3Mb) agus d’féadfadh sé roinnt ama a thógáil chun iad íoslódáil ag brath ar an gceangal idirlín atá agat.

Ó thosaigh Líadan amach i Mí Feabhra 2004 tá an seisear ban seo ag mealladh lucht féachana in Éirinn, san Eoraip agus i Meiriceá lena gcuid ceoil. Tá dearcadh úr, nuálach ag Líadan ar an gceol agus ar an amhránaíocht thraidisiúnta, a nascann bunús fíorthraidisiúnta le fuaim chomhaimseartha. Ní hamháin go bhfuil cumas faoi leith ag baill Líadan ó thaobh cheol uirlise de, ach tá bua na hamhránaíochta ag an seisear acu chomh maith. Is iomaí duais atá bainte amach ag Líadan – fuair siad an gradam ‘An Grúpa is Fearr’ ag Féile Idir-Cheilteach Lorient, 2005 agus bronnadh duais ‘An Grúpa Amhránaíochta is Fearr’ orthu ag an bhFéile Idirnáisiúnta Pan-Cheilteach, 2005. Sa ghrúpa tá

Rós Thrá Lí, Ciarraí (Lúnasa 2005)
Fleadh an Domhain, Baile an Bhunánaigh, Ciarraí (Lúnasa 2005)
Seoladh preas Fhéile Idir-Cheilteach Lorient, Páras (Iúil 2005)
Oireachtas na Gaeilge, Leitir Ceanainn (Bealtaine 200)
Ceiliúradh 10 mbliana Ionad Cheol Cruinne na hÉireann (Eanáir 2005)
Florida, Oíche bhailiú airgid d’Ollscoil Luimnigh (Márta 2005)
Oideas Gael, Gleann Cholm Cille (Iúil 2005)
Scoil Gheimhridh Merriman (Eanáir 2005)
Seoadh an ghrúpa, An Taibhdhearc, Gaillimh (Bealtaine 2004)

Féach ar an leathanach ‘Léirmheasanna’

Gradam ‘An Grúpa is Fearr’ ag Féile Idir-Cheilteach Lorient, Lúnasa 2005
Tá Féile Idir-Cheilteach Lorient ar cheann de na féilte ceilteacha is mó ar domhan. Chas Líadan ceolchoirmeacha éagsúla timpeall ar chathair Lorient agus bhain siad amach an t-ardghradam, ‘An grúpa is fearr’ dá réir. Tá an duais seo bainte amach ag grúpaí ar nós Téada agus Danú.
Buaiteoirí chomórtas amhránaíochta, An Fhéile Idirnáisiúnta Pan-Cheilteach, Lúnasa 2005
Fuair Líadan an chéad áit ag comórtas amhránaíochta An Fhéile Idirnáisiúnta Pan-Cheilteach i dTrá Lí, Co. Chiarraí. Tá an duais seo buaite ag grúpaí móra le rá ar nós Clannad agus Capercaillie.

Cliceáil anseo chun doiciméad Word a íoslódáil a shainíonn riachtanais theicniúla
Líadan d’ionaid cheolchoirmeacha.
|